Taiscí Cosanta
Ciallaíonn taisce iarmhéid sochair ar chuntas atá ar seilbh le banc, cumann foirgníochta nó le comhar creidmheasa nach mór a aisíoc go hiomlán.
Tá liosta anseo thíos de na cineálacha taiscí a fhéadfar a mheas mar thaiscí atá i dteideal cúitimh faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí:
- Cuntais reatha
 - Cuntais choigiltis
 - Cuntais taisce prapéilimh
 - Cuntais taisce ar fhógra
 - Cuntais taisce ar théarma seasta
 - Cuntais scaireanna i gcumann foirgníochta nó i gcomhar creidmheasa
 - Féadfaidh go mbeidh an ghné incháilithe de thaiscí struchtúrtha/de bhannaí rianúcháin incháilithe le haghaidh cúitimh freisin i gcás ina mbeidh an ghné taisce inaisíoctha ar par.