Céard is fianáin ann?

Is ionann fianán agus píosa faisnéise i bhfoirm téacschomhaid fhíorbhig a chuirtear ar thiomántán crua an úsáideora Idirlín. Gineann freastalaí leathanaigh ghréasáin é, is é sin le rá an ríomhaire a oibríonn suíomh gréasáin. Is é an freastalaí a shocraíonn cibé faisnéis a bheidh san fhianán agus is féidir leis an bhfreastalaí sin an fhaisnéis a úsaid aon uair a thabharfaidh an t-úsáideoir cuairt ar an suíomh. Is féidir smaoineamh ar an bhfianán mar chárta aitheantais de chuid úsáideora Idirlín agus cuireann sé in iúl don suíomh gréasáin go bhfuil an t-úsáideoir tar éis filleadh ar an suíomh.

Cén cuspóir atá ag fianáin?

Is féidir le fianáin an idirghníomhaíocht idir úsáideoirí agus suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos tapúla agus níos éasca. D'uireasa fianán, ba dhoiligh do shuíomh gréasáin ligean do chuairteoir tralaí siopadóireachta a líonadh nó sainroghanna nó sonraí clárúcháin an úsáideora a choimeád i gcuimhne dá dtabharfadh an t-úsáideoir sin cuairt ar an suíomh athuair. Baineann suíomhanna gréasáin úsáid as fianáin toisc go sábhálann siad am ar úsáideoirí agus bíonn eispéireas brabhsála níos éifeachtúla agus níos taitneamhaí acu.

An bhfuil fianáin dainséarach?

Níl. Is píosaí beaga téacs iad fianáin. Ní cláir ríomhairí iad, dá bhrí sin, ní féidir iad a ghníomhú mar chód.

An bhfuil siad ina mbagairt do phríobháideacht úsáideoirí?

Déantar fianáin a stóráil ar thiomántán crua an ríomhaire. Ní bhíonn rochtain acu ar an tiomántán crua - dá bhrí sin, ní féidir le fianán faisnéis eile ar an tiomántán crua a léamh ná ní féidir leis seoladh ríomhphoist an úsáideora a fháil etc. Ní bhíonn iontu ach cibé faisnéis a bheidh curtha ar fáil ag na húsáideoirí féin do shuíomh gréasáin ar leith agus ní féidir leo ach an fhaisnéis sin a aistriú chuig an bhfreastalaí.

Céard a dhéanann ár bhfianáin?

Le húsáid fianán, cinntítear feidhmiú bunúsach ár suímh gréasáin agus staidrimh Google Analytics chun gur féidir linn ár gcaidreamh lenár gcuid úsáideoirí a fheabhsú. Dá n-athrófá do shainroghanna fianán, d'fhéadfaí bac a chur ar fheidhmiú rianúil ghnéithe áirithe dár suímh gréasáin.

Fianáin a Rialú

Aon fhianán nach bhfuil Fíor-Riachtanach, ní bheidh sé gníomhach ar bhonn réamhshocraithe agus ní chuirfidh sé faisnéis chuig an acmhainn óna dtagann sé. Má ghlacann tú leis na fianáin go léir, beidh gach ceann díobh gníomhach. Is féidir leat do shainroghanna fianán don suíomh gréasáin a mhodhnú tráth ar bith ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Socruithe Fianán’ thíos.

Socruithe Fianán

Liosta Fianán

Fianán is ea píosa beag sonraí (téacschomhad). Nuair a thugann úsáideoir cuairt ar shuíomh gréasáin, iarrann an suíomh gréasáin sin ar do bhrabhsálaí an fianán a stóráil ar do ghléas chun go bhféadfar faisnéis fút a choimeád i gcuimhne, ar nós do rogha teanga nó d’fhaisnéise logála isteach. Socraímid na fianáin sin agus tugtar fianáin céad pháirtí orthu. Úsáidimid fianáin tríú páirtí freisin - is iad sin fianáin ó fhearann atá éagsúil le fearann an tsuímh ghréasáin a bhfuil cuairt á tabhairt agat air - ar mhaithe le fógraíocht agus margaíocht. Go sonrach, úsáidimid fianáin agus teicneolaíochtaí rianúcháin eile ar na cúiseanna seo a leanas: