Próiseas Cúitimh

Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar chúiteamh.

  • Beidh an cúiteamh bunaithe ar fhaisnéis a bheidh curtha ar fáil ag an leachtaitheoir a cheapfar chuig an institiúid chreidmheasa

  • Déanfar na híocaíochtaí trí sheic

  • Leis an Scéim Ráthaíochta Taiscí, féachtar le híocaíochtaí a dhéanamh le taisceoirí a luaithe is féidir agus ceanglaítear ar an SRT íocaíochtaí a dhéanamh le taisceoirí incháilithe fíoraithe laistigh de 10 lá oibre

Tionscnófar an SRT i gcásanna ina gcinnfear nach bhfuil institiúid chreidmheasa ábalta a chuid taiscí a aisíoc. Déanfar íocaíochtaí cúitimh i leith taiscí incháilithe go feadh theorainn €100,000 a sheoladh go huathoibríoch chuig taisceoirí.  Ní gá do thaisceoirí dul aon áit nó teagmháil a dhéanamh le haon duine chun a gcuid airgid a fháil ar ais. Déanfar na híocaíochtaí trí sheic agus seolfar iad chuig an seoladh deireanach a bhí ar taifead ag an institiúid chreidmheasa duit.