Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar a chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo inrochtana i gcomhréir le

Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí) 2020 - I.R. Uimh. 358/2020. 

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le depositguarantee.ie.

Stádas maidir le comhlíonadh

Tá an caighdeán comhchuibhithe Eorpach Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí TFC (bunaithe ar Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1) á chomhlíonadh go hiomlán ag an suíomh gréasáin seo.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 22 Deireadh Fómhair 2021.

Bainimid úsáid as treoirlínte Leibhéal-AA WCAG chun tástáil a dhéanamh ar inrochtaineacht depositguarantee.ie.   Bainimid úsáid as cur chuige na Modheolaíochta um Measúnú ar Chomhréireacht Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG-EM) chun measúnú a dhéanamh ar an suíomh.

Tá iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus tá tástáil úsáideoirí déanta againn ar an suíomh.  Leanfaimid díobh seo go tráthrialta.

Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú an 7 Feabhra 2022.

Aiseolas agus eolas teagmhála

Déan teagmháil le foireann SRT más gá duit rochtain a fháil ar fhaisnéis i bhformáid inrochtana:

Ríomhphost: info@depositguarantee.ie

Déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana má tá aon cheisteanna agat faoi chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le hinrochtaineacht:

Ríomhphost: liam.mcmunn@centralbank.ie

Má tá tú míshásta leis an bhfreagra a thabharfaimid ar do d’iarratas, is féidir leat gearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta um Láimhseáil Gearán Míchumais a leanúint.

Nós imeachta forfheidhmiúcháin

Má tá tú míshásta leis an bhfreagra a thabharfaimid ar do d’iarratas nó ar do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005.

Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773

Teil: +353 (0)1 639 5600
Ríomhphost:
complaints@ombudsman.ie
Gréasáin: www.ombudsman.ie/disability-act/make-a-complaint