Ceisteanna Coitianta 

An ndearnadh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) a thionscnamh riamh?

Rinneadh an SRT a thionscnamh i ndiaidh leachtú IBRC i mí Feabhra 2013, leachtú Chomhar Creidmheasa Berehaven i mí Iúil 2014, leachtú Chomhar Creidmheasa an Rois i mí na Samhna 2016, leachtú Chomhar Creidmheasa na Rátha i mí Dheireadh Fómhair 2017, agus i ndiaidh leachtú Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche i mí Iúil 2020.

IBRC

Ar an 7 Feabhra 2013, cheap an tAire Airgeadais Kieran Wallace & Eamonn Richardson ó KPMG mar Leachtaitheoirí Speisialta ar IBRC Limited. Dá thairbhe sin, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) chun taiscí de chuid taisceoirí incháilithe IBRC a chosaint.

Comhar Creidmheasa Berehaven

Ar an 23 Iúil 2014, d'fhormheas an Ard-Chúirt ceapachán leachtaitheora shealadaigh ar Chomhar Creidmheasa Berehaven. Dá thairbhe sin, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) chun taiscí de chuid taisceoirí incháilithe Chomhar Creidmheasa Berehaven a chosaint.

Comhar Creidmheasa an Rois

Ar an 2 Samhain 2016, d'fhormheas an Ard-Chúirt ceapachán Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar Chomhar Creidmheasa an Rois. Dá thairbhe sin, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) chun taiscí de chuid taisceoirí incháilithe Chomhar Creidmheasa an Rois a chosaint.

Comhar Creidmheasa na Rátha

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2017, d'fhormheas an Ard-Chúirt ceapachán Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar Chomhar Creidmheasa na Rátha. Dá thairbhe sin, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) chun taiscí de chuid taisceoirí incháilithe Chomhar Creidmheasa na Rátha a chosaint.

Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche

Ar an 2 Iúil 2020, d'fhormheas an Ard-Chúirt ceapachán Comhleachtaitheoirí Sealadacha ar Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche. Dá thairbhe sin, tionscnaíodh an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) chun taiscí de chuid taisceoirí incháilithe Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche a chosaint.

Cén chaoi a ndéileálann an SRT le cuntais de chuid trádalaithe aonair?

Déanfar íocaíocht amháin go feadh theorainn €100,000 a eisiúint chuig trádalaithe aonair a bhfuil cuntas pearsanta agus cuntas gnó acu le hinstitiúid chreidmheasa (ar cuntais iad a bheidh incháilithe le haghaidh cúitimh ón SRT).

Cén chaoi a ndéileálann an SRT le cuntais de chuid comhpháirtíochtaí?

Má tá cuntais phearsanta agus cuntas gnó comhpháirtíochta ag taisceoir le hinstitiúid chreidmheasa leachtaithe, déileálfaidh an SRT ar leithligh leis na cuntais phearsanta agus gnó. Gheobhaidh an taisceoir (comhpháirtí) seic ar leithligh go feadh theorainn €100,000 i leith a chuntas pearsanta. Déanfar an cúiteamh i leith an chuntais gnó a íoc ar leithligh leis an gcomhpháirtíocht, go feadh theorainn €100,000.

An gclúdaítear cistí pinsean/scoir faoin SRT?

Ní chosnaítear scéimeanna pinsean nó cistí scoir faoin SRT, cé is moite de scéimeanna beaga, féinriartha pinsean (SSAP).  Meastar gur táirgí infheistíochta iad cistí neamh-SSAP pinsean pearsanta agus cistí neamh-SSAP scoir e.g. Cistí Gníomhaíochta Scoir (ARFanna).

An gclúdaítear bannaí rianúcháin faoin SRT?

Beidh an ghné taisce de bhannaí rianúcháin (dá ngairtear taisce struchtúrtha freisin) incháilithe le haghaidh cúitimh faoin SRT go feadh €100,000 i gcás ina mbeidh an sealbhóir cáilithe agus beidh an ghné taisce den bhanna rianúcháin inaisíoctha ar par.  Ní chosnaítear an ghné innéacsnasctha den bhanna rianúcháin.  

Tá €500,000 i mo chuntas reatha agus sílim go bhfuil sé incháilithe mar Iarmhéid Ard Sealadach. Dá dtionscnófaí an SRT, an mbeadh orm iarratas a dhéanamh ar chúiteamh?

Tá  €500,000 i mo chuntas reatha agus sílim go bhfuil sé incháilithe mar Iarmhéid Ard Sealadach. Dá dtionscnófaí an SRT, an mbeadh orm iarratas a dhéanamh ar chúiteamh? 

Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn leis an bhfoirm teagmhála. Más mian leat dul i dteagmháil linn go díreach, bain úsáid as na sonraí teagmhála  seo a leanas.

Teil: 0818 681 681

Ríomhphost: info@depositguarantee.ie

Post: Scéim Ráthaíochta Taiscí, Banc Ceannais na hÉireann, Sráid Wapping Nua, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01F7X3.